Cathach Cholm Cille

WD Bosca Sonraí LeabharCathach Cholm Cille

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpsalter (en) Aistrigh agus lámhscríbhinn dhathmhaisithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaLaidin na ndaoine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodhc. 600
Bunábharpár Cuir in eagar ar Wikidata
CodannaBrass Cuir in eagar ar Wikidata

Saltair na nOileán den 6ú haois (roimh 561) is ea Cathach Cholm Cille.[1] Is é an lámhscríbhinn Éireannach is sine atá ar mharthain, agus an dara saltair Laidin na nDaoine is sine ar domhan.[2] Téann cumhdach na saltrach siar go dtí an 11ú haois, athghlanta sna 14ú agus 16ú haoiseanna.

Bhíodh an saltair i seilbh chlann Uí Dhomhnaill, rítheaghlach Thír Chonaill, mar chosantóir catha.[3] Rugadh an Cathach go dtí an mór-roinn i ndiaidh Conradh Luimnigh sa bhliain 1691 agus níor fhill ar ais go dtí 1813. Osclaíodh an cumhdach an bhliain sin, agus fuarthas arís an lámhscríbhinn agus drochbhail uirthi. Rinneadh athchóiriú mór uirthi sa bhliain 1982 nuair a ceanglaíodh arís na leathanaigh ar mharthain agus cuireadh ar párpháipéar iad.[1] Níl ann ámh ach 58 leathanach as 110 ó dhúchas.[1]

Caomhnaítear an lámhscríbhinn inniu i nAcadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ LS 12 R 33) i mBaile Átha Cliath agus an cumhdach i nArd-Mhúsaem na hÉireann.

  1. 1.0 1.1 1.2 O'Neill (2014), lch. 12
  2. McNamara, Martin (2000). "The Psalms in the Early Irish Church". Continuum International Publishing Group. 
  3. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named St80

© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search